|
Return to programme of classes |
Téigh ar ais chuig clár ranganna |
|
||||
|
|
Tá na ranganna seo eagraithe mar chuid den fhéile 'Ceol na Locha' Nasc chuig láithreán 'Ceol na Locha' |
| |||
|
10 - 14 Lúnasa 2009, Dé Luain - Dé hAoine 10.00 - 1.30 Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, Éire
Sidheán, Cill Mháille, Inis, Co.an Chláir, Éire. Teagmháil ríomhphoist |
|
|||||
| |
||||||
Students are asked to bring with them the materials recommended below.
Alternatively it will be possible to buy these materials from me on the first day of the course.
If you would prefer to use other kinds of paint or materials you may of course do so.
For those interested I have prepared a short Irish dictionary of words relating to art and design.
Click here to go to the dictionary.
Déanann an leathanach seo cur síos ar na ranganna líníochta agus péintéireachta
a bheas mé ag múineadh mar chuid den fhéile ‘Ceol na Locha’.
Beidh na ranganna tri Ghaeilge, ach má tá aon rud nach dtuigeann tú, chur ceist orm agus beidh cur síos as Béarla ar fáil.
Is é an rud is tábhachtaí go mbainfidh tú sult as ranganna na seachtaine seo.
Iarrtar ar dhaoine na hábhair atá molta thíos a thabhairt leo.
Beidh tú in ann na hábhair seo a cheannach uaim ar an chéad lá den chúrsa chomh maith.
Is féidir leat saghsanna eile péinte nó ábhar a úsáid más fearr leat, ar ndóigh.
Tá foclóir gairid Gaeilge réitithe agam d’focail a bhaineann le healaín agus dearadh.
Cliceáil anseo chun dul chuig an bhfoclóir
CLÁR AN CHÚRSA
Leagan amach (Setting out): Tosóimid le ceacht a bhaineann leis an chaoi is féidir pictiúr a leagan amach.
Meascadh dathanna (Mixing colours): Ansin beimid ag déanamh cleachtaidh ar mheascadh dathanna.
Péinteáil pictiúir (Painting a picture): Sa chuid eile den tseachtain beimid ag péinteáil pictiúir.
Is féidir do rogha féin a dhéanamh faoin ábhair ach beidh roinnt pictiúr agam chun cóipeáil más mian leat.
Nótaí: Ní gá duit an ceacht ar mheascadh dathanna a dhéanamh arís má tá sé déanta agat cheana féin. Beidh an seans agat ábhar neamh-bheo (still-life) a dhéanamh más mian leat ach tabhair leat na rudaí gur mhaith leat a bheith sa phictiúr. Má tá an aimsir sách maith, beidh an seans dul amach ag péinteáil taobh leis an loch.
DÁTAÍ AGUS UAIREANTA NA RANGANNA
Dé Luain - Dé hAoine 10 - 14 Lúnasa 2009. 10.00 - 11.30 am agus 12.00 - 1.30 pm.
CLÁRÚ
Iarrtar ar dhaoine an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus seoladh, mar aon le hiarlais €30
chuig Síle Ní Thuathail, Ceol na Locha, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, chomh luath agus is féidir.
Íoslódáil foirm cláraithe do Cheol na Locha
Nó is féidir clárú don chúrsa sa choláiste idir 9.30 agus 10.00 ar maidin Dé Luain.
TÁILLE DEN CHÚRSA
Tá táille an chúrsa seo € 55.00 (daoine faoi 16) nó € 75.00 (daoine os cionn 16) (Íoc le 'Ceol na Locha').
AN MÚINTEOIR
Táim ag déanamh líniochtaí agus ag péinteáil le blianta fada agus tá mo chuid saothair ar taispeáint in Éirinn agus sa Bhreatain le tamall. Táim ag obair le dathanna ola, aicrileacha agus uisce chomh maith le pastal. Bhí taispeántais agam i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Inis agus Lorient (sa Bhriotáin). Táim ag múineadh líníochta agus péintéireachta do dhaoine de ghach aois agus cumas, ina measc ranganna ar son Coiste Gairmoideachais Chontae an Chláir i Sráid na Cathrach mar a bhfuil éileamh maith orthu i gcónaí.
ÁBHAIR EALAÍNE MOLTA (RECOMMENDED ART MATERIALS)
Pinn luaidhe: 2 pheann luaidhe (cruacht HB agus 2B).
Chun barr a chur ar phinn luaidhe: Scian ghéar nó biorthóir (saghas miotail).
Rubar: Gnáth rubar bog bán. Bheadh rubar poití (putty rubber) áisiúil freisin.
Péinteanna: Dathanna acrileacha (acrylic colours) mar a leanas: Rós Seasmhach (Permanent Rose),
Dearg Caidmiamach (Cadmium Red), Buí Caidmiamach Dorcha (Cadmium Yellow Deep), Buí Caidmiamach Éadrom
(Cadmium Yellow Pale), Gorm ‘Cerulean’ Gorm Ultramairín (Ultramarine), Bán Tiotáiniam (Titanium White),
Dubh Marsa (Mars Black). Mholfainn na cinn do mhic léinn, mar shampla an réimse ‘Galleria’ ó Winsor & Newton
nó ‘System 3’ ó Daler-Rowney.
Pailéad: Is é an rogha is fearr an pailéad ‘stay-wet’ ach tá siadsan níos costasaí. Is é an rogha is simplí
ná pailéad páipéir nó dramhpháipéir (scrap paper). Seachain pailéid atá foroinnte (subdivided) mar gheall ar an
deacracht iad a ghlanadh.
Scuaba: Scuab cothrom (flat-shaped brush) amháin 12 mm (1/2 ") ar leithead agus ceann amháin 6 mm (1/4 ")
ar leithead. Teastóidh uait scuaba atá feiliúnach do dhathanna acrileacha cosúil leis an réimse ‘Galleria’ ó
Winsor & Newton nó an réimse scuaibe ‘47F’ déanta ag Richard Oliver. Tá scuab beag bog cruinn (saghas 1, 2 nó 3)
áisiúil le haghaidh sonraí; go háirithe scuab le fionnaidh fhada (long-haired brush) darb ainm ‘Rigger’.
Páipéar: Teastóidh uait páipéar feiliúnach do dhathanna acrileacha (mar shampla páipéar ‘Galleria’ ó
Winsor & Newton nó ‘Cryla’ ó Daler-Rowney). Is é an méid feiliúnach. 355 x 254 mm (14 x 10 ").
Rudaí eile: Piosa éadaigh nó tuáillí páipéir. Pota le haghaidh uisce (Is iad na cinn móra agus leathana is fearr).
Chun an ceapachán a mhéadú (to enlarge the composition): Rialóir plaistigh 30cm (12"), agus rolla beag
de théip chumhdaigh (masking tape). Beidh greillí (grids) ar phiosaí aicéatáite (acetate, thin transparent plastic),
ar fáil ón múinteoir sa rang ar chostas 40c an ceann.
Éadaigh: Ní ghlanann péinteanna acrileacha amach nuair atá siad tirim (acrytlic paints do not wash out when dry)
Teastóidh uait seanéadaí nó rud éicint mar shampla seanléine le cur ort.
TUILLEADH EOLAIS
Tá níos mó eolais faoin bhféile Ceol na Locha ar fáil ó Chonnie Uí Thuathail. Teileafón: (086) 8383077.
Tá eolas maidir le lóistín (accommodation) ar fáil ó Mháire Standún. Teileafón (094) 9544163.
Ríomhphost: maurastaunton@eircom.net
Má theastaíonn tuilleadh eolais faoi na ranganna nó faoi na hábhair a bhaineann leo uait,
is féidir teagmháil a dhéanamh liom roimh an gcúrsa ag: Sidheán, Cill Mháille, Inis, Co. an Chláir.
Teileafón: (065) 6839383. Fón soghluaiste: (086) 8074125.
Teagmháil ríomhphoist.
Beidh fáilte roimh chách chuig na ranganna.
Nasc chuig láithreán 'Ceol na Locha'