Téigh ar ais chuig nótaí teagaisc
faoi phéintéireacht agus dhathanna
Téigh ar ais chuig www.andrewnewland.com
Cleachtadh ar meascadh dathanna Téigh ar ais chuig leathanach innéacs theagasc ealaíne & deartha
Téigh chuig an chuid den láithreán ag plé le péintéireacht & líníocht
Gheobhaidh tú ar an leathanach seo cleachtadh ar meascadh dathanna
Cuirtear síos leagan amach chiorcal na ndathanna sna Nótaí ar meascadh dathanna

Sidheán, Cill Mháille, Inis, Co.an Chláir, Éire. Teagmháil ríomhphoist
Fón: (065) 6839383 (Idirnáisiúnta: +353 65 6839383) Fón soghluaiste: (086) 8074125 (Idirnáisiúnta: +353 86 8074125)
Is le Andrew Newland cóipcheart na saothar ar an láithreán seo. Ní cheadaítear é a úsáid gan chead ón ealaíontóir

Téigh chuig an chuid den láithreán ag plé le léaráidí & dearadh
Téigh ar ais chuig clár cinn Andrew Newland

English version

Cliceáil anseo chun leagan i bhformáid PDF a íoslódáil le haghaidh priontála

Ciorcal na ndathanna le haghaidh cleachtaidh ar meascadh dathanna

Ciorcal na ndathanna

Treoracha

Cuir an dá leagan de na dathanna príomhúla ('Rós Seasmhach', 'Dearg Caidmiamach', 'Buí Caidmiamach Domhain', Buí Caidmiamach Éadrom', 'Gorm Cerulean' agus 'Gorm Ultramairín' in a gcuid spásanna sa chiorcal lasmuigh, a thaispeánann dathanna láidre (is féidir dathanna eile a usáid ina n-ionad, mar shampla d'fhéadfá 'Vermilion' a úsáid in ionad 'Dearg Caidmiamach'). Measc na dathanna táinisteacha as na dathanna príomhúla in aice leo, ag athrú an mhéad de gach dath mar is ceart (mar shampla déan 'Meascán Uaine buí' as 'Buí Caidmiamach Éadrom' agus 'Gorm Cerulean' le níos mó bui agus píosa beag goirm, ach déan 'Meascán Uaine goirme' as na dathanna príomhúla céanna ach le níos mó goirm agus níos lú buí.

Tá leaganacha níos dorcha de na dathanna céanna sa chiorcal laistigh. Is féidir úsáid a bhaint as ceachtar den dath comhlántach (mar shampla, dorchaigh Dearg Caidmiamach le píosa beag de do Mheascán Uaine goirme, nó leis na comhábhair atá ann - Buí Caidmiamach Éadrom agus Gorm Cerulean) nó as dubh, chun iad a dhorchú (i gcás buí, caithfear píosa beag Rós Seasmhach a chur leis ionas nach mbeidh dealramh glais air, agus i gcás Rós Seasmhach caithfear píosa beag Buí Caidmiamach Éadrom a chur leis ionas nach mbeidh dealramh corcaghoirm air).

Cuir meascán de na dathanna príomhúla (déanta as 'Dearg Caidmiamach', 'Buí Caidmiamach Éadrom' agus 'Gorm Ultramairín') sa lár, nó bain úsáid as dubh (mar shampla Dubh Mars).

Ciorcal na ndathanna bána le haghaidh cleachtaidh ar meascadh dathanna

Ciorcal na ndathanna bán

Treoracha

Cuir leaganacha níos báine de gach dath in a gcuid spásanna sa chiorcal lasmuigh. Má tá tú ag baint úsáid as dathanna aicrileacha nó oladhathanna nó guais, cuir dath bán (mar shampla 'Bán Titanium') leo chun iad a bhánú.. Má tá tú ag baint úsáid as uiscedhathanna, cuir tuilleadh uisce leo chun iad a lagú. Moltar do dhaoine go ndéantar na dathanna seo réasúnta geal, ionas go mbeidh difríocht suntasach idir an dá chiorcal. Is féidir na dathanna eadroma seo a dhéanamh nuair atá tú ag déanamh an chéad chiorcal, ionas nach mbeidh ort iad a mheascadh arís.

Cuir leaganacha níos dorcha de ghach dath sa chiorcal laistigh. Beidh bán i ngach meascán freisin. Is féidir úsáid a bhaint as ceachtar den dath comhlántach, nó as dubh, chun iad a dhorchú. Beidh na dathanna seo go léir ina leaganacha de liath, ach beidh lorg fós den dath é féin (atá ar an gciorcal lasmuigh) le feiceáil.

Cuir dath liath sa lár. Is féidir an dath seo a dhéanamh as meascán de na dathanna príomhúla (déanta as 'Dearg Caidmiamach', 'Buí Caidmiamach Éadrom' agus 'Gorm Ultramairín') agus bán, nó as dubh agus bán (le huiscedhathanna, cuir tuilleadh uisce leo chun iad a lagú).

Cliceáil anseo le haghaidh nótaí ar meascadh dathanna chun cur síos a fháil ar leagan amach chiorcal na ndathanna

English version

Téigh ar ais chuig nótaí teagaisc
faoi phéintéireacht agus dhathanna